ProfessorMáire Ní Annracháin

Emeritus Full Professor (RTA)

School of Irish, Celtic Studies and Folklore

  • Emeritus Full Professor (RTA)
    School of Irish, Celtic Studies and Folklore
  • 01 716 8278
  • University College Dublin, School of Irish Celtic Studies and Folklore, Newman Building Belfield Dublin 4

RESEARCH INTERESTS

Tá dhá phríomhréimse taighde agam: an teoiric liteartha faoi a forbraítear í go hidirnáisiúnta a chur in oiriúint do litríocht na Gaeilge, agus na naisc idir an cultúr gaelach in Éirinn agus in Albain, go háirithe sa litríocht. Le roinnt blianta anuas, dhírigh mo chuid taighde ar an gcéad réimse díobh sin ar cheisteanna a bhaineann leis an stair liteartha freisin. Fréamhacha gaelacha na nualitríochta, agus an t-athchóiriú a dhéantar ar na fréamhacha sin, is cúram do shraith aistí ar scríbhneoirí móra na nualitríochta: Máirtín Ó Cadhain, Biddy Jenkinson, Somhairle MacGill-Eain agus Seán Ó Ríordáin. Ina theannta sin is spéis liom an teanga fhíortha ann féin, agus go háirithe an bhéim a leagtar i gcuid mhaith de litríocht na Gaeilge ar an meatonaime seachas ar an meafar. Maidir leis an dara réimse taighde, bhí sé de nós agam dhá thrá a fhreastal: plé le litríocht an dá Ghaeilge in éineacht nó ar bhonn comparáide, agus plé le sainiúlacht litríocht Ghaeilge na hAlban ar a son féin. Mar sin tá aistí scríofa le gairid agam ar an nuafhilíocht sa dá thír mar aonad, ar shaothar Shomhairle MhicGill-Eain agus ar fhorbairt na húrscéalaíochta i nGaeilge na hAlban. Féachaim leis an taighde liteartha a chur chun cinn trí imeachtaí a eagrú a thugan tús áite don litríocht agus chuimsíonn an dá chultúr ghaelacha. Luaim go speisialta sraith seimineár ar an litríocht a eagraítear in aghaidh na bliana i UCD, agus comdhálacha ar an ábhar céanna, cuirim i gcás comhdháil do mhic léinn iarchéime i réimse na litríochta sa dá Ghaeilge i samhradh na bliana 2010, agus scoil samhraidh ar théama an cheangail idir an litríocht agus an stair i samhradh na bliana 2011. Fáiltím roimh iarratas ó mhic léinn ar spéis leo tráchtais a scríobh sna réimsí thuasluaite.